Seirbhís Rolladh-ann-Rolladh-as Custam (Seirbhís RóRó)

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Tabhair do d’aire

Tá fógra Réamhbhordála (PBN) ag teastáil le haghaidh gach feithicil a chuirtear in áirithe mar lasta ar bhád farantóireachta RóRó.

Is éard atá in FRB ná ‘imchlúdach digiteach’ ina bhfuil sonraí Mháistir-Uimhreacha Tagartha (MUT) na ndearbhuithe custam uile do na hearraí sa bhfeithicil. Tá a aitheantóir uathúil féin ag gach FRB ar a dtugtar Aitheantas FRB.

Is é an Tarlóir atá freagrach as an FRB a chruthú gus féadfaidh siad an fheidhm seo a tharmligean chuig a gcomhpháirtithe sa slabhra soláthair. Ina measc seo tá an dearbhóir, an t-iompórtálaí, an t-easpórtálaí, an gníomhaire imréitigh nó an chuideachta lóistíochta.

Ní mór na dearbhuithe custam chun na hearraí uile ar an bhfeithicil a chlúdach, lena n-áirítear lastaí iomadúla, a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim roimh ré. Ní mór é seo a dhéanamh sula bhfágann na hearraí chun an Chríochfoirt sa Bhreatain Mhór nó in Éirinn. Ní mór aon riachtanais réamhfhógra maidir le hearraí atá faoi réir seiceálacha sláintíochta agus fíteashláintíochta (SSF) a chomhlánú freisin.

Ní mór do tharlóir nó comhpháirtí eile sannta an tslabhra soláthair an méid seo a dhéanamh:

  • FRB a chruthú leis an tseirbhís RóRó Custam
  • uimhir fóin póca agus seoladh ríomhphoist teagmhála a chur isteach san FRB chun faisnéis chainéil a fháil.
  • MUTanna na ndearbhuithe custaim réamhthaiscthe a chur leis le haghaidh na hearraí uile san fheithicil.
  • Aitheantas FRB a chur ar fáil do thiománaí na feithicle.
  • stádas an FRB a sheiceáil lena chinntiú go bhfuil sé ‘Ceart go leor leanúint ar aghaidh chuig an tSeiceáil Isteach’ sula dtéann tú go dtí an críochfort farantóireachta.

Gan FRB bailí le stádas ‘Ceart go leor leanúint ar aghaidh chuig an tSeiceáil Isteach’, ní thabharfar cead don fheithicil dul ar bord an bháid farantóireachta. Cuirfear in iúl do na feithiclí sin an limistéar calafoirt a fhágáil.

Treoir Físe

Féadtar féachaint ar an treoir físe seo maidir leis an gcaoi le FRB a chomhlánú.

Ar aghaidh: Samplaí de lastaí farantóireachta a dteastaíonn FRB uathu