Seirbhís Rolladh-ann-Rolladh-as Custam (Seirbhís RóRó)
Samplaí de lastaí farantóireachta a dteastaíonn FRB uathu
Tabhair do d’aire
Teastaíonn Fógra Réamhbhordála (FRB) do gach feithicil a chuirtear in áirithe mar lastas ar bhád farantóireachta RóRó. Tá na sonraí FRB san áireamh sa lastliosta NIMS a thíolaic an t-oibreoir bád farantóireachta chuig na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má tá tú ag taisteal ar an gcainéal farantóireachta do phaisinéirí, ní bheidh FRB ag teastáil. Mar sin féin, ní mór duit dearbhú a dhéanamh do Chustaim má tá tú ag iompar earraí de bhreis ar do liúntais phearsanta, nó earraí toirmiscthe nó srianta. Féadfaidh tú do dhearbhú a dhéanamh trí ghlaoch a chur ar Chustaim ag an gcalafort. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Taisteal ó thaobh amuigh den AE.
Is cion tromchúiseach é imeacht ón limistéar rialaithe Custaim gan imréiteach custaim.
Tugtar achoimre sa tábla thíos ar riachtanais chustaim d’earraí áirithe a iompórtáiltear iad ar bhád farantóireachta RóRó. Cliceáil ar na naisc a chuirtear ar fáil chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil.
|
Riachtanais chustaim do chatagóirí áirithe earraí
|
|
Catagóir
|
FRB
|
Riachtanais eile
|
|
Cónaitheacht a aistriú
|
Tá
|
Aistriú Cónaitheachta Custam foirm C and E 1076
|
|
Iarmhais phearsanta a bhogadh
|
Níl
|
Dearbhú custaim nuair nach bhfuil sé clúdaithe ag liúntas bagáiste an duine atá ag taisteal
|
|
Marsantacht i mBagáiste
|
Níl
|
Dearbhú Custam
|
|
Earrai de chuid an airm
|
Tá
|
• Dearbhú Custam
• EU form 302 áit a n-iompraíonn an t-arm é
|
|
Orgáin/fíochán/fuil daonna/ainmhithe
|
Tá
|
Dearbhú Custam
|
|
Cónraí/síothla, taisí daonna
|
Tá
|
Gheobhaidh tú faisnéis mhionsonraithe faoi riachtanais iompórtála ar ár suíomh idirlín (Ní theastaíonn FRB le haghaidh síothla atá mar chuid de bhagáiste pearsanta)
|
|
Earraí faoi Cead Isteach Sealadach
Mar shampla, earraí le haghaidh taispeántais, eolaíocht, leighis, foireann raonrásaíocht carranna nó trealamh fuaime, uirlisí tógála móra nó láimhe, uirlisí ceoil agus mar sin de.
|
Tá
|
Gheobhaidh tú faisnéis mhionsonraithe faoi riachtanais iompórtála do gach catagóir earraí ar ár suíomh idirlín
|
|
Capall/Capaillín
|
Tá
|
• Dearbhú Custam
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
|
|
Feithiclí iompórtáilte le haghaidh úsáid phríobháideach nó ath-díol
|
Tá
|
Dearbhú Custam
|
|
Feithiclí atá faoi réir socruithe fruilithe/léasa arna mbogadh ag an gcuideachta fruilithe ón mBreatain Mhór go hÉirinn, nó ó Éirinn go dtí an Bhreatain Mhór.
|
Tá
|
Dearbhú Custam
|
Ar aghaidh: Seiceáil isteach Custam nuair a ghlaoitear chun Custam thú