Corás Easpórtála Uathoibríoch (AES) - róil agus freagrachtaí an tslabhra soláthair

Easpórtálaí nó dearbhóir

Is éard is easpórtálaí ann ná an duine atá bunaithe san Aontas Eorpach (AE) a bhfuil tar éis:

  • cinneadh a dhéanamh go bhfuil na hearraí le heaspórtáil
  • a bhfuil conradh acu faoina n-easpórtálfar na hearraí.

Is gá don dearbhóir an dearbhú easpórtála nó ath-easpórtála, Dearbhú Imeachta Achomair (DIA), nó fógra ath-easpórtála a chur isteach. Chomh maith leis sin, féadann an dearbhóir bheith mar an duine a dhéanfar iad a chur isteach ina n-ainm. 

Tá ról lárnach ag an easpórtálaí agus ag an dearbhóir araon sa tslabhra soláthair easpórtála. Tá siad freagrach as an méid thíos, ag brath ar an gcineál conradh gnó atá acu:

  • Cinnte a dhéanamh go gcuirtear sonraí cruinne ar fáil le haghaidh comhlánú an dearbhaithe easpórtála, lena n-áirítear an cód tráchtearra.
  • An dearbhú easpórtála a chur isteach in am trátha, agus chomh luath agus is féidir sula mbailíonn an tiománaí na hearraí.
  • Cinne a dhéanamh go dtíolactar faisnéis chruinn, lena n-áirítear oifigí cearta na heaspórtála agus an imeachta.
  • An Máistir-Uimhir Thagartha (MUT) don dearbhú easpórtála a chur ar fáil don tarlóir.
  • Comlíontacht le riachtanais ródaithe a chinntiú, lena n-áirítear doiciméid tacaíochta a chur ar fáil go tráthúil. Ní fhéadtar na hearraí a easpórtáil go dtí go gcomhlánaítear na rialuithe uile (doiciméadach nó fisiceach).
  • Cuir an tarlóir nó tiománaí ar an eolas go bhfuil orthu teagmháil a dhéanamh leis an oifig easpórtála Custam nuair atá scrúdú fisiceach ag teastáil.
  • Cinntigh go bhfuil MUT an dearbhaithe easpórtála curtha ar fáil don trádálaí ag an bpointe imeachta.
  • I gcás neamhréire, cuir na sonraí cuí ar fáil don trádálaí ag an bpointe imeachta.
  • Déan cinnte go gcuireann an duine atá faoi chonradh na hearraí a thabhairt amach as an Aontas Eorpach (AE) na hearraí ar fáil ag an bpointe imeachta.

Tabhair do d’aire:

Níor chóir do na hearraí bogadh chuig an gcalafort nó chuig an aerfort go dtí go gcomhlíontar na rialuithe seo a leanas: 

    • seiceáil doiciméid
    • scrúdú fisiceach, nuair a fhéadtar é seo a dhéanamh ag áitreabh an trádálaí.

Ar aghaidh: Trádálaí ag an bpointe imeachta