Corás Easpórtála Uathoibríoch (AES) - róil agus freagrachtaí an tslabhra soláthair

An duine a chruthaíonn an Fógra Réamhbhordála (FRB)

Is é an tarlóir atá freagrach as an bhFógra Réamhbhordála (FRB) a chruthú. Féadann an tarlóir an fheidhm seo a tharmligean chuig a gcomhpháirtithe sa tslabhra soláthair. Ina measc seo tá an dearbhóir, an t-iompórtálaí, an t-easpórtálaí, an gníomhaire imréitigh nó an chuideachta lóistíochta.

Tá an duine a chruthaíonn an FRB freagrach as an méid seo a leanas:

  • Déan cinnte go bhfaigheann tú Máistir-Uimhreacha Tagartha (MUT) le haghaidh na hearraí uile san fheithicil.
  • Déan cinnte go gcuireann an dearbhóir an stádas do gach MUT ar fáil duit.
  • Cruthaigh FRB ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Cinntigh go gcuirtear gach MUT san áireamh ar an FRB.
  • Déan stádas an FRB a sheiceáil.
  • Tabhair an FRB don tiománaí le treoracha chun:
    • leanúint ar aghaidh chuig sheiceáil isteach an bháid farantóireachta nuair atá an stádas FRB ‘Ceart go leor leanúint ar aghaidh chuig an tseiceáil isteach’
    • déan teagmháil leis an oifig easpórtála Custam le haghaidh imréiteach fisiceach.

Ar aghaidh: Tarlóir nó tiománaí