Corás Easpórtála Uathoibríoch (AES) - róil agus freagrachtaí an tslabhra soláthair

Eolas tábhachtach maidir le hearraí a easpórtáil

In AES, tá sé tábhachtach faisnéis chruinn a úsáid chun dearbhuithe easpórtála a chomhlánú. Ní mór an Máistir-Uimhir Thagartha ceart a chur ar aghaidh ar an tslabhra soláthair easpórtála. Ní mór gach teachtaireacht taobh istigh den sreabhadh a chomhlánú le cinntiú go bhféadtar gluaiseachtaí easpórtála a dhúnadh i gceart.

D’fhéadfadh an méid seo thíos a bheith i gceist má loictear an fhaisnéis chruinn MUT a chur ar fáil, agus má loictear do ról sa tslabhra soláthair a chomhlíonadh:

  • ní fhéadtar earraí a lódáil nó d’fhéadfaí moill a chur orthu ag an gcalafort nó ag an aerfort
  • ní fhéadann earraí Éire nó d’fhéadfaí moill a chur orthu agus iad ag fágáil Éıre
  • ní shroicfidh na hearraí an coinsíní, nó d’fhéadfadh moill a bheith i gceist an coinsíní a sroicheadh
  • agus
  • ní gheobhaidh na dearbhóirí an teachtaireacht um dheimhniú imeachta (IE599) agus dá bhrí sin, féadfaidh sé go mbeidh gá do na Coimisinéirí Ioncaim gníomh leantach a thógáil.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin AES, seol ríomhphost chuig UCC-CMU@revenue.ie