Céard é an Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES)?

Conas do ghnó a ullmhú le haghaidh AES

Bogearraí custam

Is féidir teacht ar Chóras Easpórtála Uathoibríoch na gCoimisinéirí Ioncaim (AES) trí do bhogearraí custam féin atá forbartha go hinmheánach agus a bhfuil tacaíocht inmheánach agat dóibh, nó trí bhogearraí a sholáthraíonn soláthraí córais seachtrach. Tá sé tábhachtach a bheith eolach ar na nithe seo a leanas:

  • ábhar agus struchtúr na ndearbhuithe nua, lena n-áirítear na heilimintí nua sonraí
  • cineálacha nua teachtaireachtaí agus liostaí cód
  • agus
  • formáidí nua do theachtaireachtaí reatha.

Má fhostaíonn tú gníomhaire custam chun d’fhoirmiúlachtaí easpórtála custam a bhainistiú, ba chóir duit a chinntiú gur féidir leis na bogearraí a úsáideann do ghníomhaire comhéadan a dhéanamh le AES.

Teachtaireacht thábhachtach

Mar thrádálaí, ba chóir duit ullmhú chun a bheith réidh do AES. Ba chóir duit dul i dteagmháil le do sholáthraí Teicneolaíochta Faisnéise (TF), bíodh sé inmheánach nó seachtrach. Ba cheart d’fhorbróirí bogearraí dul i ngleic lenár dtimpeallacht Tástála Comhéadain Phoiblí (PIT) (ar fáil ó mí Lúnasa 2022) chomh luath agus is féidir.

Ar aghaidh: Tionchar ar thrádáil