INF leictreonach

Léargas ginearálta

Faoi Chód Custam an Aontais (CCA) foráiltear nach mór an uile chumarsáid a dhéantar leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha custam a dhéanamh go leictreonach.

Is córas lárfhorbartha de chuid an AE é an córas INF. Is éard is INF ann ná an malartú caighdeánaithe faisnéise chun bainistiú a dhénamh ar eolas a chruthaítear do na nósanna imeachta próiseála isteach agus amach.

Chun tacú le tús na n-oibríochtaí ar an gcóras INF, tá eolas curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach in INF System for special procedures. Tá naisc chuig an méid seo a leanas le fáil ar an leathanach seo chomh maith:

  • treoir d’úsáideoirí gnó
  • modúil ríomhfhoghlama
  • Ceisteanna Coitianta
  • Fógraí dlíthiúla lena n-áirítear Ráiteas Príobháideachais.

Ar aghaidh: Céard is gá do thrádálaithe a dhéanamh?