INF leictreonach

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard is gá do thrádálaithe a dhéanamh?

Céard is gá do thrádálaithe a dhéanamh?

Ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh lena chinntiú gur féidir leat teacht ar INF STP, is é sin an Tairseach Sonrach do Thrádálaithe INF:

  1. Deimhniú bailí le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  2. Bheith cláraithe le haghaidh Custam agus Máil in ROS
  3. Uimhir Chlárúcháin agus Aitheantais Oibreora Eacnamaíochta (EORI) bailí.

Féadfaidh trádálaithe teacht ar INF STP in Taxud Authentication Portal.

Céard a fhéadtar a dhéanamh sa chóras INF

Tugann an córas INF feidhmiúcháin chun:

  • sonraí INF a chruthú agus a leasú
  • sonraí INF a dhearbhú, cainníochtaí san áireamh
  • cláruimhreacha INF a chruthú go huathoibríoch
  • sonraí INF a iarraidh agus a fháil
  • agus
  • sonraí agus cainníochtaí INF a thabhairt suas chun dáta.

Tagann an córas IMF in áit na mbileog eolais INF1, INF2, INF5 agus INF9.

Tuilleadh eolais

Déan teagmháil leis an Deasc chabhrach ríomh-Chustaim, má bhíonn aon fhiosruithe agat i leith oibriú an:

  • Córas INF
  • an córas um Bainistiú Comhionann Úsáideoirí agus Sínithe Digiteacha (UUMDS).

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an réimse cuí gnó sa rannóg Custaim má bhíonn aon fhiosruithe gnó nó polasaí agat.