Nósanna imeachta um iompórtáil, easpórtáil agus post

Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór

Dearbhú easpórtála custam

Mar easpórtálaí earraí chuig an mBreatain Mhór, tá dualgas ort de réir dlí dearbhú leictreonach easpórtálacha a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in:

Ní mór an dearbhú leictreonach a thíolacadh do Chustaim na hÉireann ach úsáid a bhaint as pacáiste bogearraí custam. De rogha air sin, féadann bróicéir custam, ag gníomhú ar do shon, an dearbhú a thíolacadh.

Dearbhú Sábháilteachta agus Slándála Easpórtála

Tá dualgas dlí ann chomh maith dearbhú leictreonach Sábháilteachta agus Slándála (S agus S) custam a thíolacadh roimh easpórtáil. Is gnách go gcomhlánaítear é seo mar chuid den dearbhú easpórtála. Más rud é nach é seo an cás, tá an t-iompróir freagrach as cinntiú go dtíolactar an Dearbhú Imeachta Achomair (DIA) do chustaim na hÉireann.

Molann na Coimisinéirí Ioncaim féachaint ar shuíomh idirlín an HMRC chun an fhaisnéis is déanaí a fháil faoi riachtanais na gCoimisinéirí Ioncaim agus Custam an Rí (HMRC) i leith earraí a thabhairt isteach sa Bhreatain Mhór.

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Má sheoltar earraí ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór ag baint úsáide as seirbhísí farantóireachta RóRó (tionlactha nó neamhthionlactha), ní mór Fógra Réamhbhordála a thíolacadh do Chustaim na hÉireann. Ní mór an fógra seo a thíolacadh sula bhfágann na hearraí Éire.

Tá an tarlóir freagrach as cinntiú go dtíolactar an FRB ag baint úsáide as an bhfaisnéis a chuireann an t-easpórtálaí ar fáil. Féadann aon duine sa slabhra soláthair a bhfuil an fhaisnéis riachtanach acu an FRB a chruthú, áfach. Níor chóir ach FRB amháin in aghaidh na feithicle a chruthú, is cuma líon na gcoinsíneachtaí san fheithicil.

Tabhair do d’aire

Ní cheadófar feithiclí ar bord bád farantóireachta in Éirinn atá beartaithe dul chuig an mBreatain Mhór gan FRB bailí acu.