Nósanna imeachta um iompórtáil, easpórtáil agus post

Earraí a easpórtáil

Nósanna imeachta um easpórtáil

Má easpórtálann tú earraí chuig tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), lena n-áirítear an Bhreatain Mhór, ní mór duit nó do do ghníomhaire dearbhú custam a chomhlánú. Ní mór an dearbhú custam seo a dhéanamh go leictreonach le Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES) na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá cosc ar earraí áirithe agus tá earraí eile faoi réir srianta nó féadfaidh sé go dteastaíonn ceadúnas lena n-aghaidh. Féach an t-eolas ar thoirmisc agus srianta. Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim iad ag an tráth a dhéanann tú d’earraí a imréiteach:

  • sonrasc
  • ceadúnas easpórtála.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Guide to customs export procedures.

Earraí a easpórtail go dtí an Ríocht Aontaithe

Ar aghaidh: Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór