Earraí a iompórtáiltear go buan le haghaidh taispeántas, aonach nó cruinnithe

Imeachtaí a bhféadtar faoiseamh a thabhairt ina leith

Féadtar faoiseamh a fháil ó Dhleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) le haghaidh earraí a iompórtáiltear lena léiriú nó lena dtaispeáint ag ceann díobh seo:

  • taispeántas nó aonach trádála, tionscail, talmhaíochta nó ceardaíochta, nó seó nó taispeántas den chineál céanna
  • taispeántas nó cruinniú chun iad seo a leanas a chur chun cinn:
    • cuspóir charthanúil
    • aon brainse den léann, ealaín, ceardaíocht, spórt nó gníomhaíocht eolaíochtúil, teicniúil, oideachasúil, cultúrtha, ceardchumann nó turasóireachta, eolas nó adhradh reiligiúnda
    • cairdeas idir daoine
  • cruinniú d’ionadaithe ar eagraíochtaí idirnáisiúnta
  • cruinniú ionadaithe oifigigh nó carachtair comórtha.

Tabhair do d’aire:

Ní bhfaighidh tú faoiseamh i leith earraí a iompórtáiltear lena ndíol ag taispeántais a eagraítear chun críocha príobháideacha i siopaí nó ar áitreabh gnó.

Ar aghaidh: Cé na cineálacha earraí a cháilíonn don fhaoiseamh?