Earraí a iompórtáiltear go buan le haghaidh taispeántas, aonach nó cruinnithe

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ba chóir go mbeadh sonraí faoin imeacht (dáta, ionad agus cineál an imeachta) ar fáil má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim iad ag tráth na hiompórtála.

Ní mór do seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis an mbronntanas a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil an pacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
  • cur síos cruinn
  • cód tráchtearra
  • agus
  • an luach.
  • ‘Táirgí le húsáid ag aonach trádála: díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe'a mharcáil air.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann leis an bpacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) a gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dhearbhú mar táirgí le húsáid ag aonach trádála
  • agus
  • an cód C32 a chur isteach in D/E 1/11.

Ar aghaidh: Nós imeachta iar-iompórtála