Nós imeachta simplithe i leith dearbhú d’iompórtálacha

Faoin nós imeachta simplithe seo, ligtear d’oibreoir eacnamaíoch sonraí agus doiciméid tacaíochta áirithe a bhíonn ar dhearbhú caighdeánach a fhágáil as an áireamh ag tráth an imréitigh custam. Nós imeachta dhá chéim is ea an dearbhú simplithe custam agus is mar seo a oibríonn sé:

  • Déanann an t-oibreoir eacnamaíoch an dearbhú simplithe a thaisceadh, agus na míreanna sonraí íosta iarrtha ann.
  • Is tar éis go scaoiltear na hearraí a thaisctear an dearbhú forlíontach ina mbíonn na sonraí iarrtha fanta. (Tá cúinsí ann ina bhféadtar an dearbhú forlíontach a tharscaoileadh.)

Más mian leat cur isteach ar údarú chun an nós imeachta um dhearbhú simplithe d’iompórtálacha nó d'easpórtálacha a úsáid, ní mór duit an méid seo a chomhlíonadh:

  • teist chomhlíontachta a bheith agat leis na Coimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • nósanna imeachta áirithe oibríochta a bheith i bhfeidhm agat
  • a bheith i d’Oibreoir Eacnamaíoch Údaraithe le haghaidh simplithe Custam (AEOC).

Níl earraí toirmiscthe nó srianta incháilithe le haghaidh an nós imeachta simplithe dearbhaithe ag tráth na hiompórtála nó na heaspórtála.

Ní mór a dhóthain eolais a bheith sa dearbhú simplithe le go bhféadtar na hearraí a shainaithint. Ní mór na doiciméid uile riachtanacha a bheith in éineacht leis chun go scaoilfí na hearraí. Féadfaidh sé, áfach, nach mbeidh fáil ar chuid de do dhoiciméid ar chúiseanna taobh amuigh de do smacht féin. Sa chás seo, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a shásamh gurb ann do na doiciméid seo sula nglacfaidh muid le dearbhú simplithe.

Má tá údarú agat dearbhuithe simplithe a úsáid le haghaidh iompórtálacha, ní mór duit a bheith ceadaithe le haghaidh cuntas íocaíochta iarchurtha. Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do dhóthain urrúis agat le muirir iompórtála custaim a chlúdach ar do dhearbhuithe simplithe.

Féadtar lastaí aonair a iompórtáil nó a easpórtáil, agus a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht in aon mhí amháin faoin nós imeachta seo.

Ní mór gach dearbhú a dhéantar i rith na míosa a fhorlíonadh. Tá gach dearbhú simplithe agus forlíontach ar bhonn ceann ar cheann, is é sin, dearbhú forlíontach amháin do gach dearbhú simplithe. Measfar gur ionstraim dhoroinnte amháin an dearbhú simplithe agus forlíontach. Tagann an ionstraim seo i bhfeidhm ar an dáta a nglacfar leis an dearbhú simplithe.

Bainfear úsáid as dáta glactha an dearbhaithe tosaigh simplithe chun dleachtanna iompórtála nó easpórtála a ghearradh, chomh maith le forálacha eile.

Cén chaoi le cur isteach ar dearbhú simplithe i leith iompórtálacha agus easpórtálacha

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar dhearbhú simplithe le haghaidh iompórtálacha nó easpórtálacha go leictreonach ag baint úsáide as an gCóras Cinnteoireachta Custam (CCC).

Tuilleadh eolais

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an Aonad Simplithe.