Gnó a aistriú go dtí an AE

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann earraí caipitiúla agus trealamh ar le do ghnó a bunaíodh taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) iad, a iompórtáil saor ó dhleachtanna iompórtála. Ní mór do do ghnó a bheith:

  • tar éis scor de ghníomhaíocht taobh amuigh den AE
  • agus
  • tar éis bogadh chuig an Stát chun dul i ngleic le gníomhaíocht den chineál céanna anseo.

Ní mór do ghníomhaíocht nua a bheith curtha ar bun sa Stát. Má dhéanann tú cumasc le gnó atá ann cheana féin, nó má dhéanann tú forbairt ar ghnó atá ann cheana féin, ní cháileoidh tú d’fhaoiseamh ó dhleachtanna iompórtála.

Is éard is dílseánacht aonair nó trádálaí ann ná cineál gnó nach bhfuil faoi úinéireacht ach duine amháin. Féadfaidh earraí caipitiúla, trealamh agus uirlisí, a bhaineann leis an trádálaí aonair mar eintiteas dlíthiúil agus ní leis an duine nádúrtha, cáiliú.

Má bhaineann do ghnó le talmhaíocht, féadfaidh sé go nglacfar le beostoc saor ó tháillí iompórtála chomh maith.

Níl aon fhaoiseamh ó Cháin Bhreisluacha (CBL) ar earraí caipitiúla agus trealamh eile má tá tú i mbun:

  • gairm bheatha liobrálach (mar shampla, má tá tú i do dhochtúir, abhcóide, nótaire)
  • gníomhaíocht neamhbhrabúis.

Tá earraí áirithe coiscthe, agus tá earraí eile faoi réir coinníollacha, nó féadfaidh sé go bhfuil ceadúnas ag teastáil lena n-aghaidh. Le haghaidh tuilleadh eolais féach toirmisc agus srianta.

Ar aghaidh: Cé na rialacha a bhaineann leis an bhfaoiseamh?