Gnó a aistriú go dtí an AE

Cé na rialacha a bhaineann leis an bhfaoiseamh?

Cáilíonn na hearraí seo a leanas d’fhaoiseamh:

  • Earraí ar úsáideadh iad i do ghnó lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) ar feadh 12 mhí ar a laghad sular aistríodh go dtí an Stát iad.
  • Earraí a úsáidfear chun na críche céanna sa Stát.
  • Chun críocha Cáin Bhreisluacha (CBL), earraí a úsáidfear i ngníomhaíocht talmhaíochta, nó gníomhaíocht a dtugtar cuntas ar CBL ina leith (ní cháilíonn gníomhaíochtaí atá díolmhaithe ó CBL, mar shampla, baincéireacht, árachas, leigheas, oideachas agus mar sin de).
  • Earraí a iompórtáiltear laistigh de 12 mhí ón uair a scoradh den ghnó lasmuigh den AE.
  • Earraí atá in oiriúint le nádúr agus méid na gníomhaíochta.

Ní fhéadtar earraí a iompórtáiltear le faoiseamh ó dhleachtanna iompórtála faoi aistriú gnó:

  • a thabhairt amach ar iasacht
  • a thabhairt mar urrús
  • a fhruiliú amach
  • a aistriú

laistigh de 12 mhí ó dháta na hiompórtála. Má dhéantar a leithéid, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi agus na dleachtanna iompórtála (seachas CBL) a íoc.

Mótarfheithiclí

Ní mór feithiclí dá leithéid a bheith úsáidte i bpróiseas táirgthe an ghnó. I gcás gnó seirbhíse, ní mór na feithiclí a bheith úsáidte go díreach agus an tseirbhís á soláthar.

Féadtar feithiclí a iompórtáil freisin le faoiseamh ó Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) faoi aistriú gnó. 

Ar aghaidh: Cé na hearraí nach gcáilíonn don fhaoiseamh?