Gnó a aistriú go dtí an AE

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Ba chóir duit Foirm Aistrithe Gníomhaíochtaí Gnó a chomhlánú agus é a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála.

 tá aon dleachtanna dlite le híoc agat, mar shampla Cáin Bhreisluacha (CBL), ní mór duit:

  • dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nua na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid
  • agus
  • nuair is gá, an méid seo a leanas a chur isteach in DE 2/3 den dearbhú:

'Díolúine ó mhuirir iompórtála éilithe, seachas CBL, - Earraí caipitiúla agus trealamh eile (nó beostoc, más ann dó, a iompórtáladh 'ar gheallúint aistriú gnó'.

Beidh cruthúnas ar aistriú gníomhaíochtaí gnó chuig an Aontas Eorpach (AE) ag teastáil uait, mar shampla:

  • cruthúnas ar dhíol d’áitreabh gnó le léiriú go bhfuil an gnó tar éis scor de ghníomhaíochtaí taobh amuigh den Stát
  • doiciméid a bhaineann le ceannach, ligean amach nó tógáil áitribh gnó buan sa Stát
  • ceaduithe Stáit nó údaráis áitiúla cuí.

Beidh fianaise ag teastáil uait chomh maith gur úsáideadh na hearraí bainteacha sa ghnó ar feadh tréimhse 12 mhí. Glactar le sonraisc díolachán, nó admhálacha ceannacháin (nó, i gcás mótarfheithicle, na deimhnithe i dtaca le clárú feithicle agus árachas).

Féadfaidh sé gur gá do na Coimisinéirí Ioncaim d’earraí a scrúdú. Féadtar coinsíneachtaí beaga a scrúdú ag áit na hiompórtála. Féadtar coinsíneachtaí níos mó a scrúdú ag d’áitreabh nó ag suíomh oiriúnach eile. Ní mór duit iarratas air seo a dhéanamh i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim ag tráth na hiompórtála. Beidh tú freagrach as aon chostais a éiríonn aníos.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.