Ag bogadh go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE

Céard iad na rialacha a bhaineann leis an bhfaoiseamh?

  • Ní mór dleacht agus cáin a bheith íoctha ar na hearraí i dtír an cheannaigh.
  • Ní mór go raibh na hearraí i do sheilbh agat, agus go raibh siad úsáidte agat ar feadh íostréimhse. Is é an íostréimhse seo ná:
    • sé mhí
    • 12 mhí i gcás earraí faighte saor ó dhleacht ag taidhleoirí agus baill d’eagraíochtaí idirnáisiúnta
  • roimh an dáta a bhogann tú chun cónaí anseo.
  • Ní mór go raibh cónaí ort taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) ar feadh tréimhse leanúnach de 12 mhí ar a laghad roimh an dáta a bhogann tú chun cónaí anseo. Féadfaidh tú a bheith cáilithe, áfach, más féidir leat a chruthú go raibh sé i gceist agat cónaí taobh amuigh den AE ar feadh tréimhse leanúnach de 12 mhí ar a laghad.
  • Ní mór duit na hearraí a iompórtáil taobh istigh de sé mhí roimh, nó 12 mhí tar éis an dáta a bhogann tú chun cónaí anseo. Sa chás go dtarlaíonn an iompórtáil sula mbogann tú chun cónaí anseo, ní mór duit aontú go mbeidh tú i do chónaí sa Stát taobh istigh de shé mhí ó thráth na hiompórtála.
  • I gcás cófra (éadaí brídeoige agus grúmaera, linéadach agus earraí pearsanta eile a úsáidtear le haghaidh pósadh) agus bronntanais phósta, ní mór duit na hearraí a iompórtáil taobh istigh de na dátaí seo a leanas: 
    • dhá mhí roimh dháta an phósta
    • ceithre mhí tar éis dáta an phósta.
  • Ní fhéadann luach gach bronntanais phósta a iompórtálann tú faoin bhfaoiseamh seo a bheith níos mó ná €1,000.
  • Má ligeann tú ar cíos, má thugann tú ar iasacht, má dhíolann tú nó má dhéanann tú d’earraí a dhiúscairt ar bhealach eile laistigh de 12 mhí, ní mór duit na táillí iompórtála a íoc.

Ar aghaidh: Nós imeachta ag tráth na hiompórtála