Ag bogadh go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE

Ag bogadh go hÉirinn ag tráth do phósta

Sa chás go bhfuil tú ag bogadh go hÉirinn ag tráth do phósta, agus á n-iompórtáil cófra (éadaí brídeoige agus grúmaera, linéadach agus earraí pearsanta eile a úsáidtear le haghaidh pósadh) agus bronntanais pósta, ba chóir duit an méid seo a leanas a chomhlánú:

Ba chóir duit ríomhphost leis an fhaisnéis thuas a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim coicís roimh theacht isteach na hearraí.

Bronntanas pósta a sheoladh chuig duine atá ag bogadh go hÉirinn chun cónaí sa tír

Má tá tú ag seoladh bronntanas pósta sa phost ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) chuig duine atá ag bogadh chun a ghnáthchónaí sa Stát a thosú ag tráth a phósta, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis an mbronntanas a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil do phacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoin mbronntanas:
    • cur síos cruinn
    • luach an bhronntanais
    • agus
    • cód tráchtearra.

(Ní mór gach táirge iompórtáilte a aicmiú chuig cód ar leith chun críocha custaim. Leis an gcód aicmiúcháin, deimhnítear an tsuim Dleachta Custam a bhaineann le hearraí. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait d’earraí a aicmiú, féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Aicmiúcháin ag tarclass@revenue.ie).

  • agus
  • marcáil an pacáiste ‘Bronntanas pósta do dhuine atá ag aistriú áite cónaithe tar éis pósta - díolmhaithe ó Dhleacht Custam nó CBL’.

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann le do phacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag úsáid Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ní mór dóibh, ar an dearbhú custam:

  • marcáil an pacáiste mar bhronntanas pósta do dhuine atá ag aistriú áite cónaithe tar éis pósta
  • agus
  • an cód C03 a chur in D/E 1/11 den dearbhú.

Ar aghaidh: Na doiciméid tacaíochta a theastóidh uait