Ag bogadh go hÉirinn ó thaobh amuigh den AE

Na doiciméid tacaíochta a theastóidh uait

Is gá cruthúnas a bheith agat ar chónaí ar an gcoigríoch, cruthúnas ar d’aistriú cónaitheachta anseo, agus úinéireacht agus úsáid na n-earraí atá á n-iompórtáil agat.

Samplaí de chruthúnas is ea:

  • sonraisc díolachán, nó admhálacha le haghaidh d’earraí, a léiríonn gur íocadh cánacha agus dleachtanna agus nár aisíocadh iad
  • doiciméid a bhaineann le maoin a cheannach, a ligean amach nó a léasú
  • doiciméid a bhaineann le heolas fostaíochta nó gairme, amhail cruthúnas ar fhostaíocht nó scor den fhostaíocht
  • agus
  • fianaise ar chónaí ó lá go lá ar an gcoigríoch.

Ba chóir na doiciméid seo a bheith in éineacht le d’Fhoirm dhearbhaithe chomhlánaithe C & M 1076 (Rev 2) nó Fhoirm VRT TOR.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.