Tús na bliana cánach
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019 a fháil, féach ar an nasc chuig Treoir d'Fhostóirí maidir le PAYE Employers Guide to PAYE.
Beidh Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) de dhíth ar an bhfostóir le haghaidh gach ceann dá bhfostaithe. Gach bliain, cuirfear FPCI ar fáil don fhostóir i mí na Nollag don bhliain atá le teacht ina dhiaidh.
Ní bheidh FPCI ar fáil le haghaidh fostaithe sna cásanna seo a leanas:
Mura bhfuil FPCI ar fáil le haghaidh fostaí sa bhliain chánach nua, ní mór don fhostóir an bonn éigeandála a chur i bhfeidhm ar phá an fhostaí.
Ní mór don fhostóir an bonn éigeandála a chur i bhfheidhm ón dáta ar cuireadh tús leis an bhfostaíocht go dtí go mbeidh FPCI ar fáil. Tá sé seo i gceist fiú má chlúdaíonn an tréimhse fostaíochta dhá bhliain chánach éagsúla.
Tá sé de dhualgas ar an bhfostóir cáin a asbhaint óna chuid fostaithe agus í a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá dualgas ar an bhfostóir chomh maith, pá agus asbhaintí na bhfostaithe a thuairisciú ar nó roimh a dhéantar aon íocaíocht leo. Ní mór don fhostóir é seo a dhéanamh, is cuma cé acu an bhfuil FPCI ar fáil nó nach bhfuil.