Díolúine i leith teach cónaithe

Coinníollacha cáilitheacha i leith bronntanais nó oidhreachta a fuarthas roimh an 25 Nollaig 2016

Má fuair tú teach cónaithe mar bhronntanas nó oidhreacht roimh an 25 Nollaig 2016, beidh tú díolmhaithe ó Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) sna cásanna seo: 

  • má bhí an teach, ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta, mar d’aon áit chónaithe nó do phríomháit chónaithe ar feadh na dtrí bliana roimhe. Sa chás gur bronntanas a bhí sa teach:
    • ní áireofar sna trí bliana aon tréimhse ama a chónaigh an duine a thug an bronntanas sa teach. Níl feidhm aige seo má bhraith an diúscróir ort mar gheall ar dhrochshláinte nó seanaois (55 nó níos sine).
    • agus
    • ní mór go raibh an teach faoi úinéireacht an diúscróra ar feadh na dtrí bliana go díreach roimh dháta an bhronntanais.
  • mura raibh teach eile nó leas in aon teach cónaithe eile agat ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.
  • agus
  • má lean tú ar aghaidh de bheith i do chónaí sa teach mar d’aon áit chónaithe nó do phríomháit chónaithe ar feadh sé bliana tar éis dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta. Níl feidhm aige seo sna cásanna seo:
    • má bhí tú níos sine ná 55 ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.
    • má iarradh ort cónaí in áit eile de bharr fostaíochta.
    • má bhí cúram leighis fadtéarmach ag teastáil uait in ospidéal, i dteach altranais nó in ionad téarnaimh.

Ar aghaidh: Cén chaoi le díolúine a éileamh