Díolúine i leith teach cónaithe

Coinníollacha cáilitheacha le haghaidh oidhreachta tar éis an 25 Nollaig 2016

Beidh tú díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil i leith teach cónaithe a fháil le hoidhreacht: 

  • má bhí an teach mar an aon áit chónaithe, nó an phríomháit chónaithe, a bhí ag an diúscróir ar dháta a mbáis. 
  • má bhí cónaí ort sa teach mar d’aon áit chónaithe, nó do phríomháit chónaithe, ar feadh na dtrí bliana go díreach roimh dháta na hoidhreachta.
  • mura bhfuil teach eile faoi d’úinéireacht nó mura bhfuil leas agat in aon teach eile ar dháta na hoidhreachta.
  • mura bhfaigheann tú leas in aon teach eile ón diúscróir céanna idir dáta na hoidhreachta agus an dáta luachála
  • agus
  • má tá an teach go fóill mar d’aon áit chónaithe, nó do phríomháit chónaithe, ar feadh sé bliana tar éis dháta na hoidhreachta.

Sainmhíniú

Is éard is diúscróir ann ná duine a thugann bronntanas nó oidhreacht duit.

Eisceachtaí  i leith coinníollacha cónaitheachta

Níl feidhm ag an gcoinníoll gurb é an teach príomháit chónaithe nó an t-aon áit cónaithe an diúscróra ar dháta a bháis más rud é:

  •  gur gaol cleithiúnach thú leis an diúscróir nó le céile nó páirtnéir sibhialta an diúscróra.
  •  go raibh an diúscróir as láthair ón mbaile mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp.

Tá eisceacht amháin maidir leis an gcoinníoll, sé sin go gcaithfidh tú cónaí sa teach ar feadh trí bliana roimh an oidhreacht. Má stopann tú de bheith ag áitiú an tí mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, déileálfar leat ar nós gur áitigh tú an teach le linn na neamhláithreachta sin.

Níl feidhm ag an gcoinníoll go bhfuil ar an teach a bheith mar d'aon áit chónaithe nó mar do phríomháit chónaithe ar feadh sé bliana tar éis na hoidhreachta más rud é:

    • go raibh tú 65 nó níos sine ar dháta na hoidhreachta.
    • go n-iarrtar ort cónaí in áit eile de bharr fostaíochta.
    • go bhfuil ort cónaí in áit eile mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, agus go bhfuil sé sin deimhnithe ag dochtúir.

Ar aghaidh: Coinníollacha cáilitheacha do bhronntanas a fuarthas tar éis an 25 Nollaig 2016