Díolúine i leith teach cónaithe

Coinníollacha cáilitheacha do bhronntanas a fuarthas tar éis an 25 Nollaig 2016

Beidh díolúine ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC) agat i leith teach a fháil mar bhronntanas má bhaineann sé seo leat ar dháta an bhronntanais:

  • is gaol cleithiúnach thú don duine atá ag tabhairt an bhronntanais (nó dá chéile nó a bpáirtí sibhialta), toisc go bhfuil tú:
    • neamhábaltach tú in ann tú féin a chothabháil mar gheall ar bheith faoi mhíchumas buan agus iomlán de dheasca éigumas meabhrach nó choirp
    • 65 bliain d'aois nó níos sine ar dháta an bhronntanais
  • bhí cónaí ort sa teach mar d'aon áit chónaithe nó mar do phríomháit chónaithe le trí bliana roimhe sin
  • níl aon teach eile faoi d’úinéireacht agus níl leas agat in aon teach eile
  • agus
  • leanann an teach de bheith mar d'aon áit chónaithe nó do phríomháit chónaithe ar feadh sé bliana tar éis dháta an bhronntanais. Níl feidhm aige seo sna cásanna seo: 
    • má bhí tú 65 nó níos sine ar dháta an bhronntanais
    • má iarrtar ort cónaí in áit eile mar gheall ar éagumais meabhrach nó choirp, agus é seo deimhnithe ag dochtúir.

Tabhair do d'aire

Ní mór an teach a bheith áitithe agat le trí bliana roimh dháta an bhronntanais. Mar sin féin, má stop tú de bheith ag áitiú an tí mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, déileálfar leat ar nós gur áitigh tú an teach le linn na neamhláithreachta sin.

Ar aghaidh: Coinníollacha cáilitheacha i leith bronntanais nó oidhreachta a fuarthas roimh an 25 Nollaig 2016