Díolúine i leith teach cónaithe

An díolúine a tharraingt siar nó a aisghlámadh

Tarraingeofar siar an díolúine i leith teach cónaithe sna cásanna seo: 

  • má cháiligh tú don díolúine ach má fuair tú leas i dteach cónaithe eile de chuid an diúscróra chéanna dá éis sin
  • taobh istigh de shé bliana tar éis cáiliú don díolúine:
    • má dhíolann tú an teach, agus mura nglacann tú teach eile mar do phríomháit cónaithe
    • mura bhfuil cónaí ort sa teach mar d’aon áit chónaithe nó do phríomháit chónaithe a thuilleadh seachas ar na cúiseanna luaite ar leathanaigh 2 agus 4 den rannán seo.

Má dhíolann tú an teach agus mura n-úsáideann tú na fáltais iomlána chun teach a fháil ina áit, beidh aisghlámadh páirteach i gceist.