Díolúine i leith maoine oidhreachta

Féadfaidh sé go bhfuil pictiúir, priontaí, leabhair, lámhscríbhinní, saothair ealaíne, seodra nó bailiúcháin eolaíochta a fhaightear mar bhronntanas nó oidhreacht díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC). Chun cáiliú don díolúine seo, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • díol spéise naisiúnta, eolaíochta, stairiúil nó ealaíne atá i gceist leis an earra
  • coinnítear an t-ábhar go buan sa Stát
  • tá áiseanna réasúnta ar fáil le breathnú orthu do
    • bhaill an phobail
    • comhlachtaí aitheanta
    • comhlachais pinsean
  • agus
  • ní choinnítear an t-ábhar chun críche trádála.

Baineann an díolúine le tithe agus gairdíní sa Stát chomh sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  • go raibh áiseanna réasúnta d’fhonn amharc ar fáil don phobal le linn na dtrí bliana roimh dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • go leanfaidh áiseanna réasúnta d’fhonn amharc de bheith ar fáil don phobail tar éis dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta a fháil
  • agus
  • nach gcoinnítear an mhaoin chun críche trádála.

Ní mór go mbeadh na Coimisinéirí Ioncaim sásta go bhfuil díol spéise náisiúnta, eolaíochta, stairiúil nó ealaíne i gceist leis an earra.

Ní mór go bhfuil an t-ábhar nó an teach nó an gairdín mar chuid den bhronntanas nó den oidhreacht:

  • ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta
  • agus
  • ar an dáta luachála.

Le héileamh a dhéanamh ar dhíolúine oidhreachta, ní mór Foirm IT38 a chomhlánú ar líne.

Díolúine a aistarraingt

Scoirfidh an díolúine de bheith i bhfeidhm má tá aon cheann díobh seo a leanas i gceist leis an rud díolmhaithe:

  • go ndíoltar é taobh istigh de shé bliana ón dáta luachála agus roimh bhás an tairbhí (seachas díolacháin conartha príobháideach le comhlachtaí aitheanta)
  • go n-aistrítear é taobh amuigh den Stát gan chead ó na Coimisinéirí Ioncaim nó go n-aistarraingítear na háiseanna réasúnta d’fhonn amharc dá dtagraítear roimhe seo am ar bith tar éis dháta na luachála agus roimh na dátaí seo:
    • an dáta a dhíoltar an mhír
    • an dáta a fhaigheann an tairbhí bás
    • an dáta a chuirtear an mhír ar aghaidh arís trí bhronntanas iomlán nó oidhreacht do thairbhí nach céile an chéad tairbhí iad.

Sa chás go n-aistarraingítear an díolúine, ní mór Foirm IT38 leasaithe a thíolacadh ar líne leis an díolúine a d’éiligh tú a bhaint.

Conas an díolúine a éileamh

Chun an Díolúine ó mhaoin oidhreachta a éileamh, ní mór duit Foirm tuairisceáin CFC IT38 a thíolacadh ar líne. Ní mór duit an tuairisceán a thíolacadh trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).