Faoiseamh Nia nó Neacht is fearr

Féadtar cáiliú le haghaidh Faoiseamh Nia nó Neacht is fearr má fhaigheann tú bronntanas nó oidhreacht de shócmhainní gnó. Leis an bhfaoiseamh seo , féadtar an tairseach Ghrúpa A a úsáid. Tá sé seo faoi réir coinníollacha.

Chun críche an fhaoisimh seo is nia nó neacht thú más leanbh thú de chuid na ndaoine seo a leanas thú:

  • leanbh de chuid deartháir an diúscróra
  • leanbh de chuid deirfiúr an diúscróra
  • leanbh de chuid páirtí sibhialta dheartháir an diúscróra
  • leanbh de chuid páirtí sibhialta dheirfiúr an diúscróra.

Na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh

Ní mór gur oibrigh tú le haghaidh an diúscróra ar feadh na gcúig bliana díreach sula bhfuair tú an bronntanas nó oidhreacht. Le linn na gcúig bliana seo ní mór go raibh tú ag obair ar feadh breis agus:

  • 24 uair sa tseachtain ag áit an ghnó
  • 15 uair sa tseachtain ag áit an ghnó sa chás go bhfuil an gnó ar siúl go heisiach agatsa amháin agus ag duine de na daoine seo:
    • an diúscróir
    • céile nó páirtnéir sibhialta an diúscróra.

Ní bhaineann an faoiseamh ach amháin le sócmhainní a úsáidtear sa ghnó. Baineann tairseach Ghrúpa B le sócmhainní neamhghnó.

Sa chás go bhfuil sócmhainní gnó agus neamhghnó san áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht, ní mór na dliteanais a roinnt idir sócmhainní gnó agus sócmhainní neamhghnó.

Céard a tharlaíonn má tá leas saoil idirghabhálach i gceist?

Sa chás go bhfuil leas saoil idirghabhálach i gceist, ní mór gur oibrigh tú sa ghnó ar feadh cúig bliana roimh bhás an diúscróra.

Sampla

Fuair Seán bás in 2016. Ina uacht, d’fhág sé a ghnó ag a bhean chéile, Máire, dá saol uile, agus ar a bás siúd, ag neacht Sheáin, Áine. D’oibrigh Áine go lánaimseartha sa ghnó ó 2010.

Fuair Máire bás in 2009, agus fuair Áine an gnó le hoidhreacht. Cáilíonn Áine don Fhaoiseamh Neacht is Fearr toisc gur oibrigh sí sa ghnó ar feadh cúig bliana roimh bhás Sheáin. Ní gá gur oibrigh Áine do Mháire.

Scaireanna agus Faoiseamh Nia nó Neacht is fearr

Féadtar cáiliú le haghaidh an fhaoisimh seo má fhaigheann tú scaireanna i gcuideachta phríobháideach mar bhronntanas nó le hoidhreacht. Ní mór don chuideachta a bheith ina cuideachta trádála príobháideach ina bhfuil an diúscróir ina stiúrthóir, agus an chuideachta á rialú aige nó aici.

Iontaobhais lánroghnacha agus Faoiseamh Nia nó Neacht is Fearr

Ní cháilíonn tú don Fhaoiseamh Neacht nó Nia is fearr má fhaightear an sochar ó iontaobhas lánroghnach bunaithe ag an diúscróir. 

Conas an faoiseamh a éileamh

Chun an Faoiseamh Nia/Neacht is Fearr a éileamh ar shócmhainní gnó, ní mór duit Foirm tuairisceáin CFC IT38 a thíolacadh ar líne. Ní mór duit an tuairisceán a thíolacadh trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Chun an faoiseamh a éileamh ar do thuairisceán IT38:  

  • roghnaigh 'Leanbh Dearthár nó Deirféar' ón roghchlár anuas 'Caidreamh idir Tairbhí agus Diúscróir', ar leathanach Sonraí an Diúscróra
  • agus  
  • cuir tic le 'Faoiseamh Nia/Neacht is Fearr' ar an leathanach Faoisimh & Díolúintí.