Íocaíocht chomhréireach CCF ar fheithiclí léasaithe

Iarratas custaiméara

Úsáid moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun iarratas a dhéanamh ar an scéim íocaíochta comhréirí. Féadtar teacht air seo faoin gcluaisín Seirbhísí Feithicle ach cliceáil ar: CCF i leith Feithicil Léasaithe san AE – Léasaí.

Féadtar iarratas a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar ghnó nuair a bheidh tú bunaithe sa Stát.

Agus tú á chomhlánú, déan athbhreithniú cúramach ar gach cuid den iarratas mar gheall go seiceálfar é seo le taifead na cuideachta léasaithe. Go háirithe beidh ort a dhearbhú go bhfuil na nithe seo a leanas taifeadta go cruinn agat:

  • uimhir Cánach Breisluacha (CBL) na cuideachta léasaithe
  • agus
  • Uimhir Aitheantais na Feithicle (UAF). Is teaglaim 17 gcarachtar de dhigití agus ceannlitreacha uathúla don fheithicil seo í an uimhir seo. Níl na litreacha I, O ná Q ina gcarachtair bhailí.

Ní gá duit cóip den léas a thíolacadh ach ba chóir duit é a choinneáil chun críocha fíorúcháin.

Ar aghaidh: Dearbhú agus clárú