Ag taisteal le, nó ag seoladh airgead thirim

Léargas ginearálta

Ag iompar airgid thirim- Má thagann tú isteach nó go bhfágann tú an tAontas Eorpach (AE) ag aerfort nócalafort Éireannach agus €10,000 nó níos mó d’airgead tirim á iompar agat, ní mór dearbhú a dhéanamh le Custaim.

Ag seoladh airgid thirim- Má sheolann tú nó má fhaigheann tú airgead tirim ar luach €10,000 nó níos mó tríd an bpost, le lasta nó le cúiréir, féadfaidh sé go mbeidh ort dearbhú nochta airgid thirim a dhéanamh.

Féadfaidh sé go seiceálfaidh Custaim na dearbhuithe seo agus an t-airgead tirim le cinntiú go bhfuil an tsuim dhearbhaithe i gceart. Féadfaidh tú cóip stampáilte den dearbhú comhlánaithe a iarraidh ó Chustaim.

Tabhair do d’aire

Ón 1 Eanáir 2021, níl an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Baineann na rialacha maidir le dearbhuithe airgid thirim le gluaiseachtaí airgid thirim de €10,000 nó níos mó, go dtí nó ón Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Oileán Mhanann agus na hOileáin Mhuir nIocht. Ní bhaineann na rialacha seo le gluaiseachtaí airgid thirim go dtí nó ó Thuaisceart Éireann.

Folaíonn airgead tirim:

  • nótaí bainc agus boinn (lena n-áirítear airgeadra nach bhfuil i gcúrsaíocht a thuilleadh, ach a fhéadtar a mhalartú i gcónaí in institiúid airgeadais nó i mbanc ceannais
  • seiceanna, seiceanna taistealaithe, nótaí gealltanais nó orduithe airgid gan tairbhí ainmnithe
  • boinn óir le cion óir 90% ar a laghad
  • agus
  • barraí, cnapanna nó meallta óir le cion óir 99.5 % ar a laghad. (Áirítear den chéad uair ór ón 1 Meitheamh 2021.)

Tabhair do d’aire

Chomh maith leis sin, baineann na forálacha seo le coibhéis airgid €10,000 nó níos mó in airgeadraí eile.

Ní mór duit an dearbhú seo a dhéanamh chun cloí leis an reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta agus chun gníomhaíochtaí mídhleathacha ar nós sciúradh airgid a dhíspreagadh.

Féadfaidh sé go ndéanfaidh oifigeach Custam airgead tirim atá á thabhairt isteach nó amach as an Stát a chuardach, a urghabháil agus a choinneáil sna cásanna seo:

  • más ionann an tsuim agus €1,000 nó níos mó
  • agus
  • má tá cúiseanna réasúnta ag an oifigeach a chreidiúint gur fáltais dhíreacha nó indíreacha ó choireacht é an t-airgead tirim, nó bhfuil sé i gceist é a úsáid in iompar coiriúil.

Ar aghaidh: Cén chaoi le dearbhú a thabhairt i leith d'airgead tirim dar luach €10,000 nó níos mó