Feighlithe leanaí a chlárú mar fhostaithe
Má tá leanaí agat, féadfaidh sé go bhfostódh tú feighlí leanaí, buime nó au pair chun aire a thabhairt dóibh i do theach féin. Más amhlaidh an cás, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort clárú mar fhostóir. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ort taifid chuí a choinneáil i leith do chuid fostaithe agus cáin a asbhaint ón airgead a íocann tú dóibh.
Caithfidh tú a chinneadh ar dtús an bhfuil an té sin mar fhostaí nó féinfhostaithe chun críocha cánach. Déantar é seo trí chur chun feidhme an chreat cúig chéim atá leagtha amach i Tax and Duty Manual 05-01-30.
Go ginearálta, faoi réir an chreata, má fhostaíonn tú feighlí leanaí ar bhonn rialta agus leanúnach i do theach féin, ní mór duit clarú mar fhostóir. Mar fhostóir, tá ort cáin a ashbaint ón airgead a íocann tú leo.
Ní mór duit clárú mar fhostóir má íocann tú d’fheighlí leanaí nó d'fhostaí a oibríonn i do theach:
- €40 nó níos mó sa tseachtain
- nó
- má tá níos mó ná feighlí leanaí amháin nó fostaí amháin agat ag an am céanna.
Tuilleadh eolais
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le bheith mar fhostóir sa rannán Daoine a fhostú.
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le do roghanna cánach i leith cúraim leanaí sna rannáin Seirbhísí cúraim leanaí agus an Creidmheas Cúramóra Baile.