Teacht ar an áireamhán cánach don Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF)

Leis an tseirbhís áireamháin CCF, féadtar suim na CCF dlite a mheas i leith cairr, feithicil bheag tráchtála nó gluaisrothar. Féadtar an tseirbhís seo a úsáid chomh maith chun meastachán a fháil ar aon aisíocaíocht CCF a fhéadann a bheith dlite nuair atá carr á easpórtáil agat.

Tabhair do d’aire nach bhféadtar an t-áireamhán seo a úsáid le haghaidh:

  • múnlaí nár tugadh i láthair roimhe seo le haghaidh luachála
  • múnlaí a dteastaíonn taighde speisialta le hiad a luacháil. Folaíonn siad seo mótarcharbháin, feithiclí clasaiceacha agus feithiclí luachmhara, agus déanaimh áirithe ardghradaim
  • feithiclí móra tráchtála, tarracóirí talmhaíochta, busanna agus feithiclí móra eile de bhrí mbíonn siad seo faoi réir muirear seasta CCF go ginearálta
  • Cáin Bhreisluacha (CBL) ar mhodh iompair nua. Chun críocha CBL, is modh iompair nua iad an chuid is mó de mhótarfheithiclí sa chás gur feithiclí iad atá níos lú ná 6 mhí d’aois NÓ a thaisteal níos lú ná 6,000km.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís seo a úsáid, is gá cód staitistiúil a bheith agat, nó gach ceann den mhéid seo a leanas:

  • aicmiúchán AE.
  • Déanamh na feithicle.
  • Múnla na feithicle.
  • Cineál an tarchurtha.
  • Líon na ndoirse.
  • Cineál an innill.
  • Cineál na cabhlach.
  • Méid an innill.
  • Leagan.
  • Míleáiste.
  • Bliain agus mí an chéad chlárúcháin in aon dlínse.
  • astuithe CO2[1].
  • astuithe NOx.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar an nasc seo a leanas a úsáid chun teacht ar an áireamhán CCF.

[1] Más mian leat figiúr eile CO2 a chur ar fáil seachas an ceann a chuir na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil.