Ráiteas Sonraí Cuideachta

Ní mór do gach cuideachta chorpraithe nó a thosaíonn gníomhaíochtaí trádála sa Stát, Ráiteas Sonraí (Foirm 11F CRO) a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim. Éilítear é seo faoi Alt 882 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Caithfear an ráiteas a chur ar fáil laistigh de 30 lá ó ionchorprú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO), nó ó thosaítear gníomhaíochtaí trádála. I gcás cuideachtaí a corpraíodh thar lear, caithfear an Ráiteas a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó thosaíonn an chuideachta ag trádáil in Éirinn.

Má thagann aon athrú ar na Sonraí bunaidh tar éis iad a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, beidh Ráiteas Sonraí (Foirm 11F CRO) nuashonraithe le tíolacadh laistigh de 30 lá ó na hathruithe sin.

Féach an leathanach ar Ráiteas Sonraí Cuideachta sa rannán ar Chuideachtaí agus carthanais le haghaidh tuilleadh eolais.