Teacht ar an áireamhán cánach ar líne don Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ)

Le háireamhán ar líne na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) , féadtar an tsuim CMÁ atá dlite do bhliain áirithe a ríomh, bunaithe ar banda luachála maoine.

Chun an t-áireamhán ar líne a úsáid chun do CMÁ a ríomh, ní mór duit na sonraí seo a leanas a thíolacadh:

  • an bhliain incháinithe
  • údarás áitiúil do mhaoine
  • banda luachála do mhaoine.