Léargas Ginearálta Teicniúil ar Nua-Aoisiú ÍMAT

Is é cuspóir an nua-aoisithe ÍMAT ná go mbeidh an t-eolas is cruinne agus is cothroime le dáta ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag fostóirí agus ag fostaithe i dtaca le pá agus asbhaintí reachtúla cánach. Cinnteoidh sé seo go ndéantar na suimeanna cearta de na cánacha seo a leanas a asbhaint ag an am ceart ó na fostaithe cearta:

Cinntítear chomh maith go n-íocfaidh fostóirí na suimeanna cearta asbhaintí i leith gach fostaí chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Mar thoradh air seo beidh an córas ÍMAT cruinn, éasca a thuiscint agus trédhearcach do gach geallsealbhóir.

Beidh an próiseas tuairiscithe d’fhostóirí chuig na Coimisinéirí Ioncaim go hiomlán comhtháite i rith párolla an fhostóra. Beidh ionchur aige seo ar chuíchóiriú ar phróisis gnó agus laghdóidh sé an costas riaracháin d’fhostóirí.

Tá na doiciméid, sonraíochtaí, agus na samplaí ar fad le haghaidh na seirbhísí gréasáin seo a leanas uile ar fáil trí na naisc ar PAYE web services/Developers links.

Sna naisc seo tá sonraíochtaí agus tacaíocht le haghaidh an fheidhmiúlacht bheo a bheidh ann amach anseo. Cuirfidh sé seo ar chumas na bhforbróirí bogearraí párolla a bpacáistí bogearraí a nuashonrú, le go mbeidh siad comhoiriúnach leis na dualgais tuairiscithe ÍMAT ó 2019 ar aghaidh.

Seirbhís cuardaigh gréasáin um Fhógraí Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI)

Féadann fostóirí an tseirbhís cuardaigh gréasáin um FPCI, ar tugadh an P2C air roimhe seo, a úsáid chun fógraí FPCI a fháil. Leis an tseirbhís seo, féadann fostóirí fógraí FPCI a iarraidh le haghaidh fostaithe reatha agus freagra a fháil bunaithe ar an bhfiosrú a tíolacadh tríd an tseirbhís gréasáin.

Seirbhís nua gréasáin um fhógraí FPCI

Féadann fostóirí an tseirbhís nua gréasáin um fhógraí FPCI a úsáid chun fógraí FPCI a fháil d’fhostaithe nach bhfuil cláraithe leis an bhfostóir sin fós. Leis an tseirbhís seo, féadann fostóirí fógraí FPCI a iarraidh le haghaidh fostaithe nua, agus socróidh sé an fhostaíocht nua le haghaidh an fhostaí. Gheobhaidh an fostóir freagra i leith an fhógra FPCI atá ar fáil le húsáid don fhostaíocht nua.

Seirbhís gréasáin um Thíolacthaí Párolla

Féadann fostóirí an tseirbhís gréasáin um Thíolacthaí Párolla a úsáid chun sonraí párolla cuí a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim i leith gach ceann dá bhfostaithe. Ní mór an fhaisnéis seo a bheith tíolactha ag an bhfostóir ag tráth na híocaíochta, nó roimhe. Seolfaidh an bogearra párolla seo Iarratas Tíolactha Párolla chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Gheobhaidh siad freagra ina ndeimhnítear ceann díobh seo:

  • admháil go bhfuarthas an tíolacadh
  • sonraí faoi aon earráidí ba chúis leis an tíolacadh a dhiúltú.

Tar éis go n-admhaítear an tíolacadh párolla a fháil, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis le haghaidh gach fostaí a bhailíochtú.

An tseirbhís gréasáin um sheiceáil thíolacthaí

Féadann fostóirí an tseirbhís gréasáin um sheiceáil tíolacthaí a úsáid chun seiceáil a dhéanamh ar an stádas reatha le haghaidh an tíolactha párolla. Tá sé seo ann chun fiosrú faoi thoradh an bhailíochtaithe ar an tíolacadh párolla. Iarrfaidh an bogearra párolla an stádas reatha a bhaineann le tíolacadh párolla. Istigh sa fhreagra beidh an t-iomlán i leith gach mír líne bailí (duillíní pá) i dtíolacadh. Chomh maith leis sin, beidh eolas ann maidir le haon mhíreanna neamhbhailí líne ar theip orthu sa phróiseas bailíochtaithe.

An tseirbhís gréasáin um Sheiceáil Rith Párolla

Féadann fostóirí an tseirbhís gréasáin um Sheiceáil Rith Párolla a úsáid chun fiosrú a dhéanamh ar an stádas reatha a bhaineann le rith párolla. Féadfaidh sé gur athraigh sé seo ó rinneadh an tíolacadh bunaidh, toisc go bhféadfaidh sé go ndearna an fostóir ceartúcháin dá bpárolla. Seolfaidh an bogearra párolla Iarratas um Rith Párolla chun achoimre ar an rith párolla a fháil. Istigh sa fhreagra beidh an t-iomlán agus liosta de na tíolacthaí sa rith párolla.