Tástáil Comhéadain Phoiblí – CCA – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)

Léargas ginearálta

Mar chuid d’uasghrádú an CCA, lena n-áirítear an CIU, cuirfear roinnt seirbhísí gréasáin ar fáil. Leis na huasghráduithe seo, féadann trádálaithe comhtháthú leis an CIU. Féadtar liosta de na seirbhísí gréasáin atá le cur ar fáil a fheiceáil ar an leathanach Scéimrí CIU agus WSDL. 

Cuirtear na doiciméid theicniúla, sonraíochtaí agus samplaí de na seirbhísí gréasáin thíos ar fáil mar thacaíocht do sheirbhísí gréasáin beo amach anseo. Cuirfidh siad ar chumas na bhforbróirí bogearraí custam a bpacáistí bogearraí a nuashonrú, le go mbeidh siad comhlíontach le CCA. 

Ar aghaidh: Céard is Tástáil Comhéadain Poiblí (PIT) ann?