Tástáil Comhéadain Phoiblí – CCA – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)

Cód Custam an Aontais – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) V1 – (Treoir do Thrádálaithe)

Ar an leathanach seo, cuirtear doiciméid agus treoracha ar fáil do sholáthraithe bogearraí agus do thrádálaithe ar an gcaoi lena gcórais TF a shocrú suas. Leis seo féadfaidh siad idirghníomhú le CIU na gCoimisinéirí Ioncaim.

Samhail Sonraí Custam an AE (EUCDM)

Tá an EUCDM mar bhonn do gach dearbhú custam. Mínítear ann an chaoi le dearbhú a chomhlánú agus leagtar amach ann na sonraí riachtanacha do chórais TF. Tá na doiciméid CIU thíos bunaithe ar Chód Custam an Aontais (CCA) agus an EUCDM. Déantar na teachtaireachtaí a mhapáil an EUCDM le diallais bheaga chun riachtanais náisiúnta a cheadú agus tá sonraí ar na diallais seo sna doiciméid thíos.

Doiciméid agus Scéimrí Teicniúla

Is iad seo a leanas na doiciméid agus na scéimrí a bhaineann leo ina sonraítear na sonraí teicniúla i leith na dteachtaireachtaí XML uile atá le seoladh chuig an gcóras iompórtála custam. Tá tuilleadh eolais ar fáil i ndoiciméid theicniúla in ROS Web Service technical documents.

Chun cabhrú le soláthraithe agus forbróirí bogearraí ullmhú le haghaidh an CIU, bhuail na Coimisinéirí Ioncaim le forbróirí i mí Dheireadh Fómhair 2019 chun na scéimrí nua a chur i láthair. Tá cóipeanna de na cuir i láthair thíos:

Faigh tuilleadh eolais ar an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU). 

Ar aghaidh: CCA - CIU Nuashonraithe (V2) agus Céim 1 agus Céim 2 den Imréiteach Láraithe (Treoir do Thrádálaithe) ag dul beo Meitheamh 2024