Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach É/Í

Féadtar an Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach é nó í a éileamh más baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach thú. Ní mór leanaí cleithiúnacha a bheith agat chun cáiliú.

Féadtar an creidmheas seo a éileamh ar feadh cúig bliana tar éis na bliana ina bhfaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás. Seo a leanas an faoiseamh cánach a bheidh dlite sna blianta tar éis méala:

  • €3,600 sa chéad bhliain
  • €3,150 sa dara bliain
  • €2,700 sa tríú bliain
  • €2,250 sa cheathrú bliain
  • €1,800 sa chúigiú bliain.

Ní fhéadtar ach creidmheas cánach amháin a fháil, beag beann ar an méid leanbh atá agat. Féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe don Chreidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS).

Coinníollacha cáilitheachta

Chun an Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach é nó í a éileamh, ní mór:

  • nach mbeifeá athphósta faoi thús na bliana cánach
  • nach mbeifeá ag comhchónaí
  • leanbh cáilitheach a bheith ag cónaí leat ar feadh na bliana ar fad nó ar feadh cuid den bhliain.

Céard is leanbh cáilitheach ann?

Chun an Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintrí é  nó í a éileamh, ní mór:

  • gur rugadh an leanbh le linn na bliana cánach a bhfuil tú ag déanamh éileamh ina leith
  • go bhfuil an leanbh faoi 18 mbliana d’aois ag tús na bliana cánach
  • go bhfuil an leanbh 18 mbliana d’aois nó níos sine ag tús na bliana cánach ach i mbun oideachas lánaimseartha. Má tá do leanbh níos sine ná 18 mbliana d’aois, ní mór éileamh bliantúil a dhéanamh.
  • go bhfuil an leanbh 18 mbliana d’aois nó níos sine ag tús na bliana cánach ach go gcomhlíonann an leanbh na critéir cháilitheachta don Chreidmheas Cánach do Leanbh faoi Éagumas.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Má chomhlíon tú an coinníoll chun cáiliú, féadtar iarratas a dhéanamh don Chreidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach é nó í: