Míreanna oidhreachta a thabhairt mar thabhartas

Luach a thabhairt ar an mhír oidhreachta

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhairle a lorg nuair a bheidh luach díola míre nó bailiúcháin á chinneadh acu.

Is ionann luach díola míre agus an chuid is lú de:

  • an luach a chuir an deontóir ar an mír
  • an luach a chinnfidh muidne.

Ionas go dtabharfaí tabhartas, ní mór go mbeadh luach díola oscailt na míre €150,000 ar a laghad. Más bailiúchán míreanna atá sa tabhartas, ní mór luach €50,000 ar a laghad a bheith ar mhír amháin ar a laghad sa bhailiúchán.

Beidh feidhm le rialacha difriúla i gcás gur ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní amháin atá sa bhailiúchán. Tá tuilleadh eolais maidir leis na rialacha sin ar fail sa Tax and Duty Manual Part 42-05-01.

Ar aghaidh: An creidmheas cánach a éileamh