Míreanna oidhreachta a thabhairt mar thabhartas

An creidmheas cánach a éileamh

Nuair a thugann tú tabhartas do chomhlacht formheasta, gheobhaidh tú teastas admhála. Áireofar sa deimhniú sin luach díola an tabhartais agus an creidmheas cánach atá dlite duit.

Ba chóir duit an deimhniú bunaidh a sheoladh chuig Oifig an Ard-Bhailitheora agus próiseálfaidh siad do chreidmheas cánach.

Ní fhéadfaidh tú an creidmheas sin a fhritháireamh i gcoinne an Mhuirir Shóisialta Uilíoch (MSU).

Déantar an creidmheas a fhritháireamh ar dtús i gcoinne aon riaráistí cánacha a d'fhéadfadh a bheith agat. Féadfar aon iarmhéid a chur in aghaidh cánacha reatha nó cánacha sa todhchaí ansin.

Ní aisíocfar an creidmheas cánach agus ní bheidh aon aisíocaíocht chánach dá bharr.