Míreanna oidhreachta a thabhairt mar thabhartas

Céard is mír oidhreachta ann?

Is ionann mír oidhreachta agus aon mhír chultúrtha, lena n-áirítear aon mhír seandálaíochta, cartlann, leabhar, taifead eastáit, lámhscríbhinn nó péintéireacht. Féadfaidh sé a bheith ina bhailiúchán de na míreanna sin freisin.

Chun cáiliú don chreidmheas cánach seo ní mór don mhír oidhreachta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór dó a bheith ina shampla den scoth den chineál míre atá i gceist agus a bheith oirirc ina aicme.
  • Chuirfí isteach ar oidhreacht chultúrtha na tíre i gcás go ndéanfaí é a onnmhairiú ón Stát.
  • D'fheabhsófaí oidhreacht chultúrtha na tíre i gcás go ndéanfaí é a allmhairiú isteach sa Stát.

Ní mór don mhír a bheith oiriúnach lena fháil ag ceann de na comhlachtaí formheasta seo a leanas:

Ar aghaidh: Tabhartas a dhéanamh