Caiteachas ar fhoirgnimh agus gairdíní faofa

Rochtain phoiblí réasúnta

Chun aon fhaoiseamh a éileamh, ní mór rochtain a bheith ar fáil ar d’fhoirgneamh nó ar do ghairdín iomlán nó ar chuid suntasach de ag an am céanna. Anuas air sin, ní mór do d’fhoirgneamh, do ghairdín nó d’earra a bheith inrochtana:

  • ag amanna réasúnta seachas nuair is gá é a dhúnadh ar mhaithe le cothabháil
  • ar feadh tréimhse 60 lá sa bhliain, ar a laghad, agus ar feadh tréimhse nach lú ná 40 lá idir an 1 Bealtaine agus an 30 Meán Fómhair, na laethanta siúd san áireamh. Ní mór an Satharn nó an Domhnach a bheith i gceist le 10 lá de na laethanta seo
  • i rith Sheachain Náisiúnta na hOidhreachta má thiteann sé amach taobh istigh den riachtanas oscailte 40 lá
  • ar feadh ceithre huaire, ar a laghad, sa lá.

Ní mór an méid a leanas a dhéanamh, chomh maith:

  • praghas réasúnta isteach a ghearradh
  • na hamanna oscailte a fhógairt don phobal
  • comhartha a chur in airde taobh amuigh den fhoirgneamh ar a dtaispeántar na hamanna oscailte
  • Fáilte Ireland a chur ar an eolas faoi rochtain ar an bhfoirgneamh nó an gairdín faofa
  • i gcás earra, ní mór duit rochtain a cheadú faoi mar a shonraítear thuas, nó an t-earra a thaispeáint in áit phoiblí i bhfoirgneamh a úsáidtear mar shaoráid chóiríochta do thurasóirí.

Saoráid chóiríochta do thurasóirí

Má úsáidtear d’fhoirgneamh faofa le haghaidh saoráid chóiríochta do thurasóirí, ní mór duit an méid a leanas a dhéanamh:

  • an foirgneamh a úsáid mar shaoráid chóiríochta do thurasóirí ar feadh sé mhí, ar a laghad, gach bliain an foirgneamh a úsáid ar feadh ceithre mhí as na sé mhí sa tréimhse idir an 1 Bealtaine agus an 30 Meán Fómhair
  • an foirgneamh a chlárú nó a liostú le Fáilte Éireann mar shaoráid chóiríochta do thurasóirí
  • Fáilte Éireann a chur ar an eolas ar na hamanna oscailte.

Féadfaidh tú d’fhoirgneamh faofa a iompú ina shaoráid chóiríochta do thurasóirí. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú do shaoráid chóiríochta do thurasóirí a iompú ar ais ina fhoirgneamh atá inrochtana don phobal gan aon iarmhairtí cánach a bheith i gceist.

Déanaimid seiceálacha bliantúla lena chinntiú go gcomhlíonann tú na riachtanais oscailte. Féadfar scrúdú a dhéanamh ar an gcaiteachas ar fhoirgneamh, gairdíní nó earraí ar a n-éilíonn tú faoiseamh mar chuid d’iniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór duit oifigigh ón Roinn Tithíochta Rialtais Áitúil agus Oidreachta agus na Coimisinéirí Ioncaim a ligean chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • cigireacht a dhéanamh ar an bhfoirgneamh nó an gairdín faofa
  • aon obair ar éiligh tú faoiseamh uirthi a scrúdú.

Ar aghaidh: Faoiseamh cánach, aisíocaíochtaí agus aisghlámadh