Caiteachas ar fhoirgnimh agus gairdíní faofa

Léargas ginearálta

Féadfaidh tú an méid cánach a íocann tú a laghdú má tá tú i d’úinéir nó i d’áititheoir ar an méid a leanas:

  • foirgneamh faofa, an gairdín mórthimpeall san áireamh
  • foirgneamh faofa a úsáidtear le haghaidh cóiríochta do thurasóirí
  • gairdín faofa
  • earra faofa.

Ní mór gur díol spéise d’fhoirgneamh, do ghairdín nó d’earra ó thaobh cúrsaí eolaíochta, stairiúla, ailtireachta, aeistéitiúla de chun go bhfaomhfar é. Déanann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é seo a dheimhniú.

Ní mór rochtain réasúnta phoiblí a bheith ar an bhfoirgneamh, gairdín nó earra, nó ní mór an foirgneamh a úsáid le haghaidh cóiríochta do thurasóirí.

Féadfaidh tú faoiseamh a éileamh ar chostais deisithe, chothabhála nó athchóirithe i dtaobh na n-earraí thuas.

Níl aon fhaoiseamh ar fáil má fuair tú deontas, aisíocaíocht nó faoiseamh cánach do na costais seo in áit eile.

Ar aghaidh: Foirgnimh, gairdíní agus earraí faofa