Caiteachas ar fhoirgnimh agus gairdíní faofa
Faoiseamh cánach, aisíocaíochtaí agus aisghlámadh
Chun cáiliú don fhaoiseamh, ní mór go mbaineann gach costas a íocann tú le:
- foirgneamh ceadaithe a dheisiú, a chothabháil nó a athchóiriú
- cothabháil nó athchóiriú d'aon talún atá á áitiú nó á theachtadh i dteannta an fhoirgnimh cheadaithe mar ghairdín nó mar thailte ornáideacha
- nó
- tailte de chuid gairdín ceadaithe a chothabháil nó a athchóiriú.
Féadtar faoiseamh breise a éileamh suas le hiomlán €6,350 i gcás:
- rud ceadaithe a dheisiú, a chothabháil nó athchóiriú
- córas aláraim slándála a shuiteáil, a chothabháil nó a athsholáthar
- árachas dliteanais phoiblí a sholáthar i d’fhoirgneamh nó gairdín ceadaithe.
Beidh an faoiseamh i leith costais cháilitheacha faoi réir srian do chostas iarbhír na hoibre a dhéantar le linn na tréimhse inmhuirir. Mura bhféadtar costais a éileamh in aon tréimhse amháin, féadtar é seo a thabhairt ar aghaidh don dá thréimhse ina dhiaidh. Ní fhéadann sé seo tarlú ach amháin nuair nach bhfuil do dhóthain ioncaim agat i dtréimhse chun na costais uile a éileamh.
Srian ar an bhfaoiseamh do shaothraithe ardioncaim
Más saothraí ardioncaim thú, féadann an Srian ar Shaothraithe Ardioncaim (SSA) srian a chur ar d’fhaoiseamh.
Aisíocaíochtaí taobh amuigh den teorainn ceithre bliana
Féadtar aisíocaíocht a fháil ón bhfaoiseamh seo taobh amuigh den teorainn ceithre bliana.
Aisghlámadh an Fhaoisimh
Féadtar aisghlámadh a dhéanamh ar an bhfaoiseamh cánach a fhaightear thar na cúig bliana roimhe má bhaineann siad seo a leanas le d’fhoirgneamh nó gairdín:
- ní thairgeann sé rochtain réasúnach phoiblí a thuilleadh
- scoir sé de bheith ina áis cóiríochta turasóireachta.
Féadtar aisghlámadh a dhéanamh ar an bhfaoiseamh a fuair tú i leith ruda ó na cúig bliana roimhe.