DAT d'úinéirí tí agus do thiarnaí talún
Léargas ginearálta
Tabhair do d’aire
Ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar an Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) a thuilleadh.
Faoiseamh ó Cháin Ioncaim a bhí sa Dreasacht um Athchóiriú Tí (DAT) le haghaidh úinéirí áite cónaithe, tiarnaí talún agus tionóntaí údaráis áitiúil. D'fhéadfaí an Creidmheas Cánach DAT a éileamh le haghaidh deisiúchán, athchóirithe agus feabhsuithe do do theach nó do mhaoin chíosa.
Ní mór do chonraitheoir cáilitheach na hoibreacha cáilitheacha a bheith críochnaithe idir 2013 agus 2018.
D'fhéadfadh úinéirí tí éileamh a dhéanamh i leith obair cháilitheach a cuireadh i gcrích, agus ar íocadh as, ó 25 Deireadh Fómhair 2013.
Bhí tiarnaí talún in ann éileamh a dhéanamh i leith obair a cuireadh i gcrích agus ar íocadh as ó 15 Deireadh Fómhair 2014.
Bhí tionóntaí údaráis áitiúil in ann éileamh a dhéanamh i leith obair a cuireadh i gcrích, agus ar íocadh as, ó 1 Eanáir 2017 ar aghaidh.
Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ar aon obair a cuireadh i gcrích, nó a íocadh as, tar éis an 31 Nollaig 2018. Ba é an t-aon eisceacht ar an dáta deiridh seo ná má bhí cead pleanála i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2018. Má tá, cháiligh an obair a cuireadh i gcrích idir an 1 Eanáir 2019 agus an 31 Márta 2019 don fhaoiseamh.
Bhí an t-éileamh le bheith déanta tríd an gcóras DAT ar líne. Bhí an t-éileamh le déanamh taobh istigh de ceithre bliana tar éis na bliana a íocadh as an obair cháilitheach.
Ar aghaidh: Cén chaoi a n-oibríonn an Dreasacht um Athchóiriú Tí?