Scéim Fan agus Caith
Céard is caiteachas cáilitheach ann
Is éard a chiallaíonn caiteachas cáilitheach ná caiteachas ar sheirbhís cháilitheach. Ní mór gur soláthraí seirbhíse cáilitheach a chuir an tseirbhís ar fáil.
Áirítear i seirbhís cháilitheach lóistín saoire agus bia agus deoch nach mbeirtear leat a sholáthar.
Is ionann lóistín saoire agus lóistín in áitreabh atá cláraithe nó atá liostaithe le Fáilte Ireland agus áirítear leis seo:
- leaba agus bricfeasta
- páirceanna carbhán agus campála
- tithe lóistín
- campaí saoire
- brúnna saoire
- óstáin
- árasáin saoire
- teachíní saoire ceadaithe
- brúnna óige.
Ní mór an bia agus deoch a bheith curtha chun boird ar an mbonn go n-itear nó go n-óltar ar an áitreabh fáilteachais é ar bhonn nach mbeirtear leat é, amhail:
- óstáin
- bialanna
- caiféanna
- áitreabh ceadúnaithe.
Tabhair do d’aire
Níl bia ná deoch a chuirtear ar fáil ar bhonn beir leat incháilithe don chreidmheas.
Níl deochanna meisciúla ná deochanna a chuirtear ar fáil gan bia incháilithe don chreidmheas.
Ar aghaidh: Cé hiad na soláthraithe seirbhíse cáilitheacha