Scéim Fan agus Caith

Cé hiad na soláthraithe seirbhíse cáilitheacha

Tá liosta ar fáil de na soláthraithe seirbhíse cáilitheacha uile atá ag glacadh páirt sa scéim. Féadtar an faoiseamh a chuardach de réir na gcatagóirí seo:

  • cineál na seirbhíse
  • cineál an áitribh
  • contae.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an liosta a thabhairt cothrom le dáta de réir mar a cheadaítear soláthraithe.

Féadann soláthraithe seirbhíse ábhar margaíochta nó fógraíochta a léiriú ina n-áitreabh nó ar líne. Féadtar an lógó seo a leanas a thaispeáint san ábhar seo, a léiríonn go bhfuil siad incháilithe:

Stay and Spend Tax Credit Logo

Ar aghaidh: Luach an Chreidmheasa Cánach Fan agus Caith