Scéim Fan agus Caith

Luach an Chreidmheasa Cánach Fan agus Caith

B'ionann an Creidmheas Cánach Fan agus Caith agus suas le 20% den chaiteachas cáilitheach a tabhaíodh, suas le teorainneacha áirithe.

Is iad seo a leanas na teorainneacha ar shuim an chaiteachais a d'fhéadfadh cáiliú faoin scéim:

Ba é an creidmheas cánach uasta a d'fhéadfaí a éileamh faoin scéim i leith na bliana measúnaithe 2021 ná:

  • €125 in aghaidh an duine
  • €250 i gcás céilí nó páirtnéirí sibhialta faoi mheasúnú comhpháirteach.

Mar gheall ar an 'riail 4 bliana', ba é an 31 Nollaig 2025 an dáta deiridh chun an Creidmheas Cánach Fan agus Caith a éileamh don bhliain 2021.