Asbhaint i leith caiteachais iarfheistithe
An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh
Féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Más cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT i moChúrsaí.
Ní fhéadtar asbhaint a éileamh i leith caiteachas iarfheistithe i gcoinne ioncam cíosa don bhliain a dhéantar na hoibreacha iarfheistithe do bhlianta 2023, 2024 agus 2025. Éilíonn tú an asbhaint i leith caiteachas iarfheistithe i gcoinne d'ioncaim chíosa sa bhliain ina dhiaidh sin. Mar shampla, féadtar éileamh a dhéanamh ar oibreacha iarfheistithe a rinneadh in 2023 mar asbhaint i gcoinne ioncam cíosa le haghaidh 2024.
De réir Acht Airgeadais 2025, is féidir le tiarna talún éileamh a dhéanamh ar chostais iarfheistithe sa bhliain chaiteachais (seachas an bhliain dár gcionn) ó 2026 ar aghaidh. Mar shampla, féadtar éileamh a dhéanamh ar oibreacha iarfheistithe a rinneadh in 2026 mar asbhaint i gcoinne ioncam cíosa do 2026.
Ar aghaidh: Aisghlámadh an fhaoisimh