Dliteanas CTCC
Léargas ginearálta
D'fhéadfadh talamh a bheith laistigh de raon feidhme na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) má tá sé criosaithe mar oiriúnach d'fhorbairt chónaithe agus má dhéantar seirbhís air.
Tá talamh faoi raon feidhme an CTCC más rud é:
- go bhfuil sé foilsithe ar léarscáil CTCC athbhreithnithe go bliantúil ag an údarás áitiúil ábhartha
- agus
- nach maoin talamh atá i gceist.
Tugtar láithreán ábhartha ar an talamh seo. Iarrtar ort athbhreithniú a dhéanamh ar na léarscáileanna seo le deimhniú an bhfuil do thalamh laistigh de raon feidhme na cánach. Déantar athbhreithniú ar an léarscáil gach bliain.
Tá maoine áirithe ar nós maoine cónaithe atá faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) eisiata ón gcáin, fiú má tá siad le feiceáil ar an léarscáil athbhreithnithe bhliantúil.
Ní mór duit clárú le haghaidh CTCC, áfach, más rud é go mbaineann an méid seo a leanas le do mhaoin chónaithe:
- go bhfuil an mhaoin chónaithe san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bhliantúil
- agus
- go bhfuil gairdín nó clós ag an maoin chónaithe atá níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra).
An bhfuil aon eisiaimh eile ó CTCC?
Tá cineálacha áirithe talún eisiata ó CTCC in ainneoin go bhfuil siad criosaithe le haghaidh úsáid cónaithe, seirbhísithe agus nach bhfuil siad le feiceáil ar léarscáileanna CTCC. San áireamh leis seo, mar shampla, bheadh siopa atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála a íoc, a sholáthraíonn seirbhísí do chónaitheoirí i gceantar cónaithe in aice láimhe.
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag eisiamh eile. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 22A-01-01.
Is é an dáta dlite le haghaidh CTCC ná an 1 Feabhra gach bliain.
Tabhair do d'aire
Beidh CTCC dlite den chéad uair ar an 1 Feabhra 2025 agus beidh sé iníoctha den chéad uair ar an 23 Bealtaine 2025 nó roimhe.
Sa chás gur chomhlíon talamh na critéir ábhartha ar an 1 Eanáir 2022, gearrtar CTCC ar an 1 Feabhra 2025.
I gcás ina gcomhlíonann talamh na critéir ábhartha den chéad uair tar éis ar an 1 Eanáir 2022, féadtar CTCC a ghearradh sa tríú bliain tar éis na bliana inar chomhlíon sé na critéir. Dá bhrí sin, beidh talamh a chomhlíon na critéir den chéad uair i rith 2022 faoi dhliteanas na cánach den chéad uair ar an 1 Feabhra 2025.
Ríomhtar an cháin ag ráta 3% de luach margaidh an láithreáin ábhartha.
Sa chás go gcomhlíonann talamh na critéir tar éis an 1 Eanáir 2022, sonraítear an dáta a chomhlíon sé na critéir ábhartha ar an léarscáil athbhreithnithe bhiantúil.
- Sampla
Déantar talamh Ghráinne, atá criosaithe le haghaidh úsáid cónaithe ó 2020, a sheirbhísiú den chéad uair in 2024. Tá sé san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bhliantúil a d'fhoilsigh Comhairle Contae na Mí ar an 31 Eanáir 2026. Sonraíonn an léarscáil gur chomhlíon an talamh na critéir den chéad uair an 1 Iúil 2024.
D'fhéadfadh talamh Ghráinne a bheith faoi dhliteanas CTCC den chéad uair sa tríú bliain tar éis na bliana inar chomhlíon sé na critéir ábhartha den chéad uair, is é sin 2027 sa chás seo. Déanfaidh Gráinne tuairisceán a thíolacadh agus íocfaidh sí aon CTCC atá dlite ar an 23 Bealtaine 2027 nó roimhe, bunaithe ar dháta dliteanais tosaigh an 1 Feabhra 2027.
Ar aghaidh: Láithreáin atá faoi dhliteanas CTCC