Dliteanas CTCC

Láithreáin atá faoi dhliteanas CTCC

Tabhair do d'aire

Tá talamh a chomhlíonann na critéir le bheith san áireamh ar an léarscáil athbhreithnithe bhliantúil CTCC, agus nach maoin chónaithe é, laistigh de raon feidhme CTCC. Tugtar ‘láithreán ábhartha’ air seo.

léarscáileanna ullmhaithe agus foilsithe ag údaráis áitiúla ina n-aithnítear talamh laistigh de raon feidhm na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC).

Foilseoidh na húdaráis áitiúla na léarscáileanna athbhreithnithe bliantúla seo faoin 31 Eanáir gach bliain ag tosú i mí Eanáir 2025.

Déanfaidh údaráis áitiúla na léarscáileanna seo a nuashonrú gach bliain chun aon talamh breise a thagann faoi raon feidhme na cánach a chur san áireamh agus chun aon talamh a thit lasmuigh de raon feidhme na cánach a eisiamh.

Ba chóir duit na léarscáileanna seo a sheiceáil gach bliain chun a mheas an bhfuil do mhaoin inmhuirir i leith CTCC.

Ar aghaidh: Cé atá faoi dhliteanas CTCC