Do thuairisceáin CTCC a thíolacadh

Cúinsí ina leasaíonn tú do thuairisceán CTCC a tíolacadh roimhe seo

Tá cásanna áirithe ann a éilíonn ar an duine dliteanach a dtuairisceán Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) a leasú.

Féadfaidh sé go n-áireofaí iontu seo cásanna ina bhfuil iarchur éilithe ag duine dliteanach ar a dtuairisceán CTCC agus go dtiocfaidh an cháin iarchurtha chun bheith dlite agus iníoctha.

Mar shampla, sa chás go gcuirtear in iúl dóibh nár cinneadh achomharc i gcoinne a chur san áireamh ar léarscáil an údaráis áitiúil ina bhfabhar.

Ceanglaítear ar an duine dliteanach gach tuairisceán CTCC a leasú ar éilíodh an t-iarchur ina leith.

Ní mór dóibh aon cháin a bhí iarchurtha acu agus ús dlite a íoc freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na cásanna ina gcaithfear tuairisceán CTCC a leasú, féach an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Guidance on the Residential Zoned Land Tax.

Ar aghaidh: Cén chaoi le do thuairisceán CTCC a leasú